Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Chuaigh sí ar fostach cúpla mí nuair a d’fhág sí an scoil síos go teach an mháistir agus a bhean. Bhíodh sí ag bligh an eallaigh agus ag nigh an urláir, bhí bean an tí iontach sásta lena cuid oibre. | 00:00:57 | |
Obair in Óstán Sherbrooke ar feadh fiche bliain. Bhíodh imreoirí as foireann Rangers istigh gach lá fá choinne a ndinnéar. Scéalta faoi na hamanna a bhíodh siad istigh. | 00:03:12 | |
D’oibir sí fosta ar na “Trolley Buses” - £2.75 sa tseachtain ar feadh cúpla mí an pá a bhí aici. Dá mbíodh earráid déanta i gcuntas an airgid ag deireadh an lae, chaitheadh sí féin an difir a dhéanamh suas. Bhíodh sí ar shiúl ar a 5 a chlog ar maidin. Bhí droch thimpiste ansin lá amháin, maraíodh tachrán nuair a leag an bus é. D’fhág sí na busanna ina dhiaidh sin. Seal eile ag obair i mbácús. | 00:05:53 | |